Óró Mo Bháidín

The Cassidys

Crochfaidh mé seolta is rachaidh mé siar
Óró mo churaichín ó
'S go hOíche Fhéil' Eoin ní thiocfaidh mé aniar
Óró mo bháidín

Óró mo churaichín ó
Óró mo bháidín
Óró mo churaichín ó
Óró mo bháidín

Nach breá í mo bháidín ag snámh ar a'gcuan
Óró mo churaichín ó
'S na céaslaí á dtarraingt go láidir 's go buan
Óró mo bháidín

Nach lúfar í ag iomramh soir agus siar
Óró mo churaichín ó
'S a sárú ní bhfaighidh tú ó Árainn go Cliar
Óró mo bháidín

Tracker

All lyrics are property and copyright of their owners. All lyrics provided for educational purposes only.